Monday 3 December 2007

Malvarma Bonveno por Deis Roc


...de Lá Nua:

Cuirfear tús tráthnóna inniu le taifeadadh sraith nua den seo tallainne teilifíse Deis Roc a bheidh le feiceáil amach anseo ar TG4.Tá an taifeadadh ar siúl i mbeár in Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, agus an tseachtain seo caite, cuireadh in iúl do chomhlacht léirithe an chláir, Léiriúcháin Tobar Productions i gcomhar le Green Inc, nach mbeadh cead acu meirge ag poibliú an chláir a chrochadh san aontas.

“Bhí cead faighte againn roimh ré bratach a chrochadh,” arsa Pilib Mac Cathmhaoill, ó Tobar Productions, “a fhad is gur chomhlíon muid an critéir a bhí leagtha síos ag an Aontas.
“Rinne muid sin, ach nuair a chonaic an t-aontas an bhratach, dúradh linn nach mbeadh cead í a chrochadh."...

No comments: