Friday 25 January 2008

Pasporto en Irlandalingvo…OOPS!...Skotagaelalingvo!!!


…de Lá Nua:

Tá sé ráite ag an ngníomhaí Aontachtach iomráiteach, Willie Frazer, nach bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh Gaeilge scríofa ar a phas ar eagla go gceapfadh daoine lasmuigh den Tuaisceart gur Éireannach a bhí ann.

Rinne an grúpa ina bhfuil sé gníomhach, FAIR (Families Acting for Innocent Relatives), gearán fíochmhar, an tseachtain seo, toisc gur shíl siad go raibh Gaeilge scríofa ar phas nua a eisíodh do dhuine den ghrúpa.

Gaeilge na hAlban (‘Rioghachd Aonaichte Bhreatainn is Eireann a Thuath’) atá ar an bpas, áfach, ní Gaeilge na hÉireann.

D’admhaigh an tUasal Frazer inné go raibh botún déanta acu agus go mbeadh orthu a gcuid cainte a shlogadh.

Ag caint dó le Lá Nua, nocht sé an fáth go gcuirfí as dó dá mbeadh Gaeilge ar an bpas.

“Nuair a bhíonn tú thar lear, deir daoine leat láithreach, ‘Ó, is Éireannach thú.’…

No comments: