Thursday 31 January 2008

Gaelakanada vs. la Reĝino


…de Lá Nua:

Thiocfadh dó go gcuirfí bunaitheoir Ghaeltacht Cheanada go príosún as a bheith ag léiriú mídhílseachta don Bhanríon.

Ar 21 Eanáir, chaill Aralt Mac Giolla Chainnigh an babhta is déanaí dá throid sna cúirteanna chun nach mbeadh air dílseacht a léiriú do Bhanríon na Breataine.

De réir Acht Cosanta Náisiúnta Cheanada, alt 94, thiocfadh príosúnacht suas le 7 mbliana a ghearradh ar shaighdiúir ar bith a léireodh mídhílseacht don Bhanríon.

Tá an tUasal Mac Giolla Chainnigh, captaen in arm Cheanada, ag fanacht anois le feiceáil an gcuirfear an dlí air mar gheall ar a sheasamh i gcoinne comharthaí dílseachta do Bhanríon na Breataine.

Agus é ag caint le Lá Nua ar seisean, ‘Bhí an breithiúnas sa Federal Court mícheart.

‘Tá cuid de na comharthaí dílseachta seo don Bhanríon glan i gcoinne Chairt Ceart agus Saoirse Cheanada.

‘Tá achomharc tuillte, ach is ceist airgid an mbeadh sé ar mo chumas dul ar aghaidh agus sin a dhéanamh.”...

No comments: