Wednesday 27 February 2008

Oxfam kaj la Irlandalingvo


...de Lá Nua:

Shéan Oxfam Éireann inné go raibh cosc ar dhánta Gaeilge i gcomórtas filíochta atá ar bun ag an gcarthanacht faoi láthair.

Rinne an foilsitheoir, Pádraig Ó Snodaigh, gearán faoi fhógra ag Oxfam ar na mallaibh ag lorg dánta le haghaidh tionscnamh bailithe airigid de chuid na carthanachta.

De réir Uí Shnodaigh, tugadh le fios san fhógra go gcaithfeadh na dánta a bheith clóscriofa agus i mBéarla.

Ag labhairt dó, inné, le Lá Nua, dúirt an file agus úinéir Coiscéim, gur dar leis gur smaointeoireacht mhíshlachtmhar a bhí sa choinníoll go gcaithfeadh an t-ábhar a bheith clóscríofa.

“Tá a fhios agam go bhfuil filí amuigh ansin nach bhfuil clóscríobh, clóscríobhán nó clóscríobhaí ar fáil acu agus iad i mbun pinn,” arsa an tUasal Ó Snodaigh. “Fág sin i leataobh agus tabhair suntas don éileamh eile, na dánta a bheith i mBéarla.”...

No comments: