Saturday 16 February 2008

Seanad Éireann kaj Aer Lingus


...de Foinse:

Dúirt Ceannaire Sheanad Éireann, Donie Cassidy an tseachtain seo caite go mbeidh cinneadh Aer Lingus gan aon Ghaeilge a bheith ina bhfógraí ar eitiltí ó Bhéal Feirste á ardú aige le Príomhfheidhmeannach Aer Lingus Dermot Mannion.

Socraíodh tuairimí an tSeanaid ar an ábhar a chur in iúl don chomhlacht i ndiaidh don Seanadóir
Labhrás Ó Murchú, Fianna Fáil an cheist a ardú le linn díospóireachta. Dúirt Ó Murchú, go raibh an-díomá air a chloisteáil go bhfuil cosc curtha ar fhógraí as Gaeilge ag an tseirbhís agus gur dheacair dó é a thuiscint.

“Tá dea-thoil ann don Ghaeilge i láthair na huaire. Beidh sé an-deacair do dhaoine, go mór mór daoine óga, a thuiscint cén fáth go bhfuil an cosc seo á chur i bhfeidhm.”

Thug sé le fios gur mheas sé nach raibh tuiscint cheart ar an bpobal Aontachtach léirithe ag an gcinneadh. “Táthar ag tabhairt le fios gur tógadh an cinneadh seo le mothúcháin phobal na nAontachtóirí a thabhairt san áireamh. Is é an taithí atá agamsa ar an bpobal Aontachtach go bhfuil na daoine an-chultúrtha agus go bhfuil an-mheas acu ar thraidisiúin. Ní chreidim go ndéanfadh aon duine cinneadh taisteal nó gan taisteal le Aer Lingus bunaithe ar chúpla focal Gaeilge a bheith in úsáid.”

No comments: