Wednesday 20 February 2008

Continental Airlines, Aer Arann kaj la Irlandalingvo


...de Lá Nua:

Dheimhnigh Aer Arann inné nach raibh gearán ar bith faighte acu i leith fógraí Gaeilge a dhéantar ar eitiltí na haerlíne as Béal Feirste.

Tá seirbhís laethúil ar bun ag Aer Arann idir Béal Feirste agus Corcaigh, agus dúirt an comhlacht inné go ndéantar na fógraí Gaeilge céanna ar an tseirbhís is a dhéantar ar gach eitilt eile de chuid Aer Arann…

Tá iarratas ar fhógraí Gaeilge ar eitiltí ó SAM go hÉirinn diúltaithe ag Continental Airlines.

feachtas litreacha tosaithe ag cainteoir Gaeilge atá ina chónaí i Nua-Eabhrac, Daithí Mac Lochlainn, ag moladh do Continental fógraí gairide réamhthaifeadta a dhéanamh ar eitiltí go hÉirinn, ach níl an aerlíne sásta glacadh leis an moladh faoi láthair.


D’eisigh Continental ráiteas go Lá Nua a dúirt “cé nach é an aidhm s’againn aon teanga ar leith a chur ó dhoras, úsáideann muid príomhtheanga an bhunphointe agus an cheannphointe.

“Baineann ár n-aerlíne úsáid as Béarla i gcomhair cumarsáide ar eitiltí as Éirinn agus go hÉirinn de bharr go ndéanann céatadán i bhfad níos airde de mhuintir na hÉireann cumarsáid i mBéarla ná i nGaeilge.”

Dúirt urlabhraí Aer Arann freisin go raibh sé mar aidhm acu leagan Gaeilge de shuíomh idirlín an chomhlachta a chur ar fáil roimh dheireadh na bliana.

“Tá aitheantas orainn mar chomhlacht a thagann ón nGaeltacht agus comhlacht a bhfuil fear Gaeltachta mar phríomhfheidhmeanach air, agus ar bhealach amháin, tá iómhá ‘ró-Éireannach’ againn, ach tá sé mar rún againn an suíomh a aistriú go Gaeilge amach anseo,” arsa sé.

Tá leagan Béarla agus Fraincise den suíomh, ann faoi láthair.

No comments: