Thursday 28 August 2008

Concubhar Ó Liatháin


…de iGaeilge, blog de Concubhar Ó Liatháin:

Is fiú scrúdú a dhéanamh ar thorthai tubaisteacha Aer Lingus agus an scéal is déanaí faoin Samsung Tocco go bhfuil an fón dhá theangach seo le díol ó thuaidh den teorainn.

Tá an aerlíne náisiúnta, mar a bhí, tar éis a fhógairt go raibh cailliúnt €22m aici anuraidh. Anuraidh fosta d’fhogair Aer Lingus go raibh sí chun aistriú ón Sionainn go Béal Feirste dá eitiltí tras Atlantach agus, de reir an aerlíne féin, go raibh deireadh á chur aici leis an nós beannú dá paisinéirí i nGaeilge. Bhí eagla ar Aer Lingus go gcuirfeadh an cúpla focal Ghaeilge, dá laghad é, fáílte fuar roimh aondachtaithe.

Ba chuma cad a rinne Aer Lingus nó níl rath go fóíll ar an mbogadh ón Sionainn go Béal Feirste. Nior mheall beart frith Ghaeilge an aerlíne aon tacaíocht breise ó aondachtaithe agus is dóichí gur chuir sé naisiúnaithe, iad san a roghnódh Aer Lingus mar gheall ar dhílseacht náisiúnta, ó dhoras.

An mbeidh athbhreithniú ar an bpolasaí anois? Sin an ceist ar cheart cur ar Dermot Mannion, priomh fheidhmeanach Aer Lingus...

No comments: