Thursday 4 September 2008

Irlandalingvo kaj la MTA en Novjorko


...de la Ceithearna Coille:

Is gnóthach an dream muid mar Cheithearna Coille agus cé go raibh muid ciúin ar líne le tamall anuas, ní hionann sin is a rá nach raibh muid i mbun oibre.

In Éirinn leanann feachtas na ngreamaitheoirí i gcónaí agus beidh tús á chur gan mhoill le feachtas eile chun comharthaí bóthair dár gcuid féin a chur in airde aon áit Ghaelach nach bhfuil siad ann cheana.

Thall i Stáit Aontaithe Mheiriceá tá dlús iontach á chur le gníomhaíochtaí na gCeithearn agus
buíon Nua-Eabhrach ag léiriú an bhealaigh chun tosaigh do Ghaeil na tíre.

I measc na bhfeachtas atá ag Gaeil SAM faoi láthair tá
An tAonach Mór Éireannach aka The Great Irish Fair of New York agus an MTA, údaráis taistil na cathrach.

D’iarr CCNYC ar lucht eagraithe an Aonaigh poiblíocht Ghaeilge a dhéanamh - go háirithe na póstaeir eolais a d’eisigh an MTA faoin Aonach - ach dhiúltaigh siad don iarratas.

Bhí freagra ag buíon Nua Eabhrach ar ndóigh agus anois tá
greamaitheoirí á gcur suas ar fud an MTA ag léiriú go bhfuil an Ghaeilge beo beathach sa chathair, agus ag impí ar na heagrais chuí aitheantas mar is ceart a thabhairt di.

Nach glórmhar Gaeil na linne seo?!

No comments: