Thursday 10 December 2009

“Jim Biogóideach Mac Allasdar”




….de la blogo iGaeilge, de Concubhar Ó Liatháin:

Dar le Jim Allister, polaiteooir atá ina cheannaire ar an nGuth Thraidisiúnta Aondachtach, tá airgead á chur amú ar an Ghaelscoileanna ar an mBaile Meanach a fhéadfaí bheith á chaitheamh ar mhaoiniú scoileanna do pháistí le riachtanais speisialta.

Ar ndóigh, níl tuismitheoir ar bith le páíste ag freastal ar Ghaelscoil a shéanfadh maoiniú ar pháiste le riachtanas speisialta. Tá páistí acu le riachtanais speisialta an oiread is atá ag tuismitheoirí eile nach seolann a bpáistí chuig Gaelscoileanna agus tá an seirbhís atá á fháil acu chomh h-olc nó níos measa ná na scoileanna Béarla.

Ach seo chugainn Jim Biogóideach Mac Allasdar agus é ag iarraidh a chur ina luí nár cheart tacú le Gaeloidachas mar, dar leis, is caitheamh aimsire atá ann.

Is dócha go gcreideann sé go bhfuil sé ar thalamh slán agus é ag labhairt ar son páistí le h-uathachas agus riachtanais speisialta eile agus ag íonsaí na Gaeilge…

No comments: