Wednesday 17 September 2008

“Tumoideachas – Ár Rogha”


…de Gaelscoileanna, Teo:

Tá polasaí an luath-thumoideachais, mar atá á chleachtadh ag Gaelscoileanna ar fud fad na tíre faoi bhagairt de thoradh ciorcláin 0044/2007, eisithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Cuireann an ciorclán seo dualgas ar na scoileanna lán-Ghaeilge 2.5 uair an chloig de Bhéarla a theagasc gach seachtain ó thús an dara téarma de rang na naíonáin sóisearach, ar a dhéanaí. Tagann sé seo salach ar an gcóras luath-thumoideachais iomlán atá á chleachtadh ag Gaelscoileanna sa tír.

Tá an cinneadh seo in aghaidh an dea-chleachtais idirnáisiúnta mar a bhaineann leis an tumoideachas, agus is é sprioc an fheachtais seo ná aistharraingt an chiorcláin a bhaint amach go dtí go mbíonn ar a laghad cinneadh déanta a thógann torthaí taighde san áireamh a léiríonn comhthéacs na hÉireann.

1 comment:

Damon Lord said...

Flanke, nova skotgaellingva televidkanalo BBC ALBA lancxis hodiaux.

Novajxo de la BBC.