Friday 29 May 2009

Enretaj Kursoj por Irlandalingvaj Instruistoj


…de An Druma Mór, la novaĵa blogo de Eoghan Ó Néill:

Tá Gaelchultúr Teoranta ag tairiscint dhá chúrsa éagsúla ar líne do mhúinteoirí bunscoile an samhradh seo: Cruinneas sa Ghaeilge do Mhúinteoirí Bunscoile agus Teicneolaíocht an Eolais agus an Ghaeilge do Mhúinteoirí Bunscoile.

“Spreagfaidh ábhar na gcúrsaí smaointe praiticiúla don seomra ranga,” a deir Sara-Jane Ní Ghabhann ó Ghaelchultúr, “agus cuirfidh siad ar chumas na múinteoirí feabhas a chur ar a gcaighdeán teagaisc agus ar a gcaighdeán Gaeilge.

Ceann de na buntáistí a bhaineann leis na cúrsaí seo ná gur féidir le múinteoirí tabhairt fúthu gan an teach a fhágáil.”
Tá an cúrsa Cruinneas sa Ghaeilge dírithe ar mhúinteoirí a bhfuil caighdeán réasúnta Gaeilge acu ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna scríbhneoireachta agus ar a gcuid gramadaí.

Sa chúrsa Teicneolaíocht an Eolais agus an Ghaeilge díreofar ar na saoráidí teicneolaíochta is úsáidí atá ar fáil do lucht na Gaeilge, idir fhoghlaimeoirí agus daoine líofa, agus ar an úsáid is féidir a bhaint astu sa seomra ranga...

No comments: