Thursday 9 October 2008

Facebook en la Irlandalingvo


...de Lá Nua:

Tá an líonra sóisialta idirlín, Facebook, le ceannáras an chomhlachta a aistriú go hÉirinn.

Cruthófar 70 post san ionad, a bheas i mBaile Átha Cliath.

Beidh réimse de sheirbhísí teicniúla, díolacháin agus oibríochtaí á dtairiscint ag an bhfoireann a earcófar agus beidh siad ag freastal ar chustaiméirí san Eoraip, san Afraic agus sa Meánoirthear.

Dúirt Príomhoifigeach Oibríochtaí Facebook, Sheryl Sandberg, go raibh an “linn tallainne” i mBaile Átha Cliath gan sárú.

“Tar éis dúinn breathnú ar shuímh áirithe ar fud an domhain, chinn muid ar Éirinn mar an áit is fearr dár gceannáras nua.’’...

No comments: