Wednesday 1 October 2008

POBAL


…de Lá Nua:

Bhuail POBAL leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Gregory Campbell (DUP), inné, le hAcht na Gaeilge a éileamh.

Ag labhairt di le Lá Nua i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, gur chóir do gach duine tacú le mórshiúl POBAL ar son na reachtaíochta Gaeilge, Dé Sathairn, 11 Deireadh Fómhair, i lár Bhéal Feirste.

‘‘Ba léir nach raibh fonn ar an Aire cur chuige diúltach a pháirtí maidir leis an Ghaeilge a athrú. Caithfidh pobal na Gaeilge agus lucht tacaíochta na Gaeilge theacht amach agus a thaispeáint go bhfuil muid ann, agus sásta gníomhú ar son na teanga,’’ ar sise…

No comments: