Thursday 9 October 2008

Mairéad Ní Chonghaile


…de Foinse:

Tá sé geall le bheith cinnte anois go dtoghfar bean as Gaeltacht Chonamara ina Seanadóir Stáit i Maine i Meiriceá ar an 4ú lá de Shamhain. Beidh Margaret Craven – nó Mairéad Ní Chonghaile as Leitir Ard i bpobal Charna roimh phósadh di – ar dhuine de na 35 Seanadóir a bheidh ina suí sa bParlaimint Stáit in Augusta, príomhchathair Stát Maine.

Is cosúil freisin go mbeidh sí ar an t-aon duine a rugadh in Éirinn a bheidh ina Seanadóir Stáit i Meiriceá. Tá Parlaimintí dá gcuid féin ag chuile Stát i Meiriceá.

Tá roinnt blianta caite cheana féin ag Margaret Craven mar Fheisire Parlaiminte sa Stát ach beidh sí ag dul chuig an bhfóram Parlaiminte is airde stádas anois.

Beidh toghcháin i Maine agus ar fud na tíre ar an 4ú Samhain – an lá céanna le toghchán na hUachtaránachta...

No comments: