Tuesday 20 October 2009

Acht Gaeilge


...de Sinn Féin:

Ag caint di inniu, agus tacaíocht faighte aici do Acht na Gaeilge ó thíortha eile san Aontas Eorpach, dúirt BPÉ Shinn Féin Bairbre de Brún;

“Cháin an litir na páirtithe siúd a shínigh suas do Chomhaontú Chill Rímhin agus nár chomhlíon na dualgais a bhí orthu.

Shínigh cúig comhaltaí eile de Pharlaimint na hEorpa litir chuig an Chéad agus leas-Chéad Aire inar iar siad, mar Comhaltaí i bParlaimint ilteangach na hEorpa, ar an Fheidhmeannas sa Tuaisceart cosaint dlíthiúil a thabhairt don Ghaeilge.

D’iarr siad orthu fosta a dtionchar agus a sainordú a úsáid chun an reachtaíocht riachtanach seo a thabhairt chun tosaigh.”

1 comment:

Concubhar said...

I gcead do Bhairbre agus a diograis i leith na Gaeilge, is é polasaí oifigiúil Shinn Féin i leith na teanga, Acht na Gaeilge is gach eile a bhaineann leis:
All gong and no dinner....