Monday 12 October 2009

Béal Feirste agus Nua Eabbhrac


...de la blogo, From the Balcony, de Máirtín Ó Muilleoir:

Bhí ceiliúradh iontach ann don Ghaeilge in Aonach Naomh Sheoirse i mBéal Feirste inniu, a bhuí le Pobal.

Bhí na sluaite ann agus i measc na n-imeachtaí iontacha bhí rap-cheol againn le Tura Atura as Zimbabwe, ar an téama 'Tír Gan Teanga, Tír Gan Anam'.

Tá trí bliana ann anois ó gheall Rialtas na Breataine Acht Teanga, ach mar a dúirt Janet Muller, ní hé amháin nár choimhlíon na Breatanaigh an gheallúint sin ach mheall siad na haontachtaithe leis an chonradh sin a shíniú leis an mholadh go bhféadfadh siad acht teanga a choisc!

Ach cé gur céiliúradh a bhí ann, thug sé teachtaireacht an-láidir nach féidir glacadh leis an tséanadh cirt seo.

Agus deir ár gcomrádaí Daithí Mac Lochlainn gur éirigh thar barr le Micheál Ó Flannagáin (iphone pic le Kate McCabe?) i Nua Eabharc aréir agus é ag tabhairt faoin chosc ar an Ghaeilge sna cúirteanna ó thuaidh — cosc a théann siar go dtí aimsir na bPéindlíthe!

Troid ar ais ar dhá mhórroinn, ní miste sin.

No comments: