Thursday 26 July 2007

Asocio de Gaelaj Konsumantoj


...de Lá Nua:

“Théis dianoibre bliana, tá suíomh gréasáin eagraíochta nua-bhunaithe, Cumann na dTomhaltóirí Gaeilge, beo ar an idirlíon.

Tá leagan sealadach den togra ar fáil ag www.tomhaltoir.com faoi láthair agus tá eagarthóirí an chumainn ag lorg moltaí ón bpobal ar bhealaí chun snas a chur ar an suíomh.

Is beirt fhear óg atá taobh thiar den fhiontar seo, Seanán Ó Coistín ó Chill Choca i gCill Dara agus Domhnaill Ó Muirí ó Leamhcán i mBaile Átha Cliath.

‘Táimid fós ag cur an suíomh le chéile agus tá muid ag iarraidh léirmheasanna a fháil air ón bpobal ar cad a cheapann siad faoi agus cén saghas rudaí atá uathu ar an suíomh,’ arsa Ó Coistín.”

No comments: