Tuesday 10 July 2007

Gwenno Teifi


...de Lá Nua:

"Gearradh cúig lá príosúnachta ar bhean óg Bhreatnach, Gwenno Teifi, i gCúirt Dúiche Carmarthen, an lá inné as gan pionós airgid a íoc.
Gabhadh Gwenno in Aberystwyth i nDeireadh Fómhair 2006 as ‘DEDDF IAITH NEWYDD’ (Acht nua Teanga) a scríobh ar fhuinneog asraoin de chuid an tsreangshiopa bróg, Brantano, agus gearradh pionós £80 uirthi ag an am, suim a d'ardaigh go £120 ó shin i leith.


Dhiúltaigh an iníon léinn as Llanfihangel-ar-Arth i nDeisceart na Breataine Bige, atá 20 bliain d'aois, dhiúltaigh sí an fhíneáil a dhíol leis na húdaráis agus chinn breitheamh go mb'éigean di 5 lá a chaitheamh i bpríosún Eastwood Park, Gloucestershire, dá bharr.

'Tá an siopa go fóill ag diúltú an Bhreatnais a úsáid agus is sampla tipiciúil é de mhórchomhlacht ar chóir a thabhairt air meas a léiriú do theanga na tíre ina bhfuil brabús suntasach á dhéanamh aige,' arsa Gwenno, inné."

No comments: