Sunday 11 May 2008

Ceithearna Coille Nua Eabhrac



Tá forbairtí áirithe déanta ag ár bhfeachtais éagsúla le tamall anuas agus i measc na mbuaicphointí tá an chraobh nua atá bunaithe i Nua Eabhrach, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
.
Is eol dúinn ar fad go bhfuil pobal bríomhar Gaelach san Úll Mór leis na glúine agus anois tá glór na Gaeilge á ardú acu agus íomhá na teanga a chur chun tosaigh sa chathair i rith an ama.
.
Tá Gaeil na cathrach ag teacht ar an tuiscint gur féidir leis an Ghaeilge bheith lárnach dá saol féin - agus cosúil le Gaeil na hÉireann - go bhfuil gá leis an ghníomh chun an teanga a chur chun cinn...

No comments: