Friday 27 June 2008

Abair.ie


...de Foinse:

Tá sé dhá scór bliain i mbliana ó chum Stanley Kubrick an ríomhaire cainteach ‘HAL’ sa scannán 2001: A Space Odyssey is tá leagan Gaeilge de le fáil anois - cineál. Ní féidir le Cabóigín I, ríomhaire cainteach Abair.ie, beola a léamh fós ach cuir téacs Ghaeilge ar fáil dó is tosaíonn an chlabaireacht.

Tionscadal de chuid Choláiste na Tríonóide atá in Abair.ie atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. Oibríonn an suíomh, a bhfuil leagan trialach di ar-líne anois, mórán mar an gcéanna le leithéidí focal.ie nó aon cheann de na suíomhanna cuardaigh.
Cuir focal isteach ann is tiocfaidh freagra ar ais. An t-aon difríocht atá leis an suíomh seo ná go n-aistríonn sé pé téacs Gaeilge a chuirtear isteach ann go comhad fuaime mp3.
Baineann dúshlán ar leith lena leithéid d’áis a fhorbairt don Ghaeilge a deir stiúrthóirí an tsuímh mar caitear nach mór ’chuile shórt a dhéanamh as an nua. Tá neart áiseanna den chineál seo forbartha don Bhéarla ach is é seo an chéad uair gur forbraíodh ceann don Ghaeilge

No comments: