Monday 20 July 2009

éirigí sur la Kazo de Mac Giolla Catháin


...de éirigí:

...Arsa urlabhraí éirígí Seán Mac Brádaigh: “Arís eile, feiceann muid institiúidí na Breataine in Éirinn ag diúltú d’Éireannaigh a bhféiniúlacht agus a dteanga, an uair seo ag úsáid iarsma 200 bliain d’aois de na Péindlithe le lucht labhartha na Gaeilge a chur faoi chois.

Cuireann cinneadh na hArd-Chúirte teachtaireacht shoiléir nach bhfuil aon seanphíosa leatromach reachtaíochta thar teorainn, agus gur féidir conarthaí agus coimitmintí idirnáisiúnta a chaitheamh amach nauir atá géarleanúint na nGaeilgeoirí i gceist. Déanann sé arís ceap magaidh de bhéalghrá rialtas na Breataine do choincheapa na cothroime agus na héagsúlachta.”

Lean Seán ar aghaidh: “Ní raibh Caoimhín ar an chéad Ghaeilgeoir a thug dúshlán do leatrom leanúnach stát na Breataine ar phobal na Gaeilge, ní bheidh sé ar an duine deiridh.

“Chuir an pobal seo teachtaireacht láidir amach le blianta beaga anuas nach nglacfaidh siad le himeallú cultúrtha acu siúd a bhrúnn a rún coilíneach ar an tír, teachtaireacht shoiléir nach luífidh na craipithe fúthú choíche.”

No comments: