Friday 17 July 2009

Nova Irlandalingva Ĵurnalo


…de An Druma Mór, blog de Eoghan Ó Néill:

Comórtas Poiblí le fógairt i comhair conartha le Nuachtán Seachtainiúil Gaeilge a sholáthar.
Bhí an conradh le nuachtán seachtainiúil Gaeilge a sholáthar faoi chaibidil ag cruinniú de Bhord Fhoras na Gaeilge a bhí ar siúl i mBéal Feirste inniu, Dé hAoine, 17 Iúil.
Ag an gcruinniú cinneadh próiseas tairisceana nua a fhógairt an tseachtain seo chugainn le nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú.

Tá sé mar sprioc ag an bhForas go mbeidh an nuachtán nua ar fáil do phobal na Gaeilge faoi Shamhain na bliana seo.
Beidh sé sheachtain ag daoine ar spéis leo cur isteach ar an gconradh iarratas a ullmhú. Déanfar measúnú ar na hiarratais ansin agus bronnfar conradh maoinithe i gcomhair na tréimhse Samhain 2009 go Deireadh Fómhair 2013 ar an iarrathóir a n-éireoidh leis.

No comments: