Wednesday 8 July 2009

Konsterno pri la Kazo de Mac Giolla Catháin - Mac Ádhaimh


…de Sinn Féin:

Dúirt uachtarán Shinn Féin Gearóid Mac Ádhaimh inniu go raibh díomá air cluinstin nár glacadh leis na hargóintí ó foireann dleathach Caoimhín Mac Giolla Chatháin faoi phéindlí Acht 1737.

Ag labhairt dó inniu dúirt an tUasal Mac Ádhaimh;

“Tá an cás seo ag dul ar aghaidh ar feadh tamaillín anois agus tá ard mheas tuilte ag Caoimhín as seasamh an fhód ar son cearta an phobail gaelach sna Sé Chontae.

Níl na sonraí uilig ar fáil faoi láthair ach is cinnte go mbeidh Gaeilgeoirí fud fad na tíre ag leanúint san fheachtais chun deireadh a chuir leis an sean dlí inghlactha seo.
Ba chóir go raibh cead ag Gaeilgeoirí a cuid gnó sa chúirt a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, níl áit ar bith ann sa lá ata inniu ann, don chineál sean dlí coilíneach seo.”

No comments: