Wednesday 12 August 2009

Bairbre de Brún


…de Sinn Féin:
.
Tá Feisire Eorpach de chuid Sinn Féin, Bairbre de Brún, ag éileamh go n-aisghairfí Acht 1737 Riar na Córa a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Dúirt an Feisire de Brún:

“Nuair a rinne POBAL amach anuraidh tacú le
Caoimhín Mac Giolla Chatháin, an Gaeilgeoir agus ceoltóir clúiteach, ó Ghaeltacht Bhóthar Seoigh leis an Athbhreithniú Breithiúnach á ghlacadh, chuir mé féin ráiteas amach ag cur fáilte leis an dúshlán.

"
Chaill Caoimhín an cás, ach ní bheidh deireadh leis an scéal ansin.

"Dé Sathairn 15 Lúnasa, san Óstán Europa i mBéal Feirste, beidh POBAL ag reáchtáil
comhdhála le tacaíocht idirnáisiúnta ón Choimisinéir Cheanadach na dTeangacha Oifigiúla, Graham Fraser.

"Tá sé dochreidte dom go bhfuil rialtas na Breataine go fóill ag cosaint an iarsma coilíneachais go seasmhach sna cúirteanna 9 mbliana i ndiaidh dóibh síniú suas don Chairt Eorpach ar Mhionteangacha. Cuireann
an dlí seo cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna sa tuaisceart.

"Ag an am céanna, déantar freastal ar theangacha mionlacha eitneacha ar bhonn laethúil i gcúirteanna anseo, rud is ceart agus cóir.

"Sa Bhreatain Bheag, tá an ceart ag Breatnaiseoirí an Bhreatnais a úsáid in imeachtaí gach cineál cúirte ó 1942.

"In Albain, cluintear an Ghàidhlig ar bhonn laethúil sna cúirteanna má iarrtar í.

"Caithfidh Rialtas na Breataine lánchosaintí dlíthiúla a chur in áit don Ghaeilge sa tuaisceart le creatlach a fhorbairt d’úsáid na Gaeilge i gcúrsaí uile na beatha, na cúirteanna san áireamh.”

No comments: