Sunday 14 June 2009

Aldona Dusemajno for Foinse!


...de Foinse:

Leanfar den nuachtán Foinse a fhoilsiú go ceann coicíse eile i ndiaidh do Phádraig Ó Céidigh, úinéir Foinse, agus Foras na Gaeilge teacht ar shocrú sealadach Déardaoin maidir le géarchéim airgid an nuachtáin.

Faoin socrú seo cuirfear dhá eagrán eile de Foinse i gcló i ndiaidh eagrán na seachtaine seo, ceann ar an 21 Meitheamh agus ceann ar an 28 Meitheamh.

Beidh todhchaí Foinse i ndiaidh an 28 Meitheamh ag brath ar thoradh an phlé faoi chás an nuachtáin a dhéanfar ag cruinniú de Bhord Fhoras na Gaeilge ar an 19 Meitheamh. Bhí Coiste Nuachtán agus Irisí Bhord an Fhorais le bualadh le chéile Dé hAoine seo caite d'fhonn moltaí a aontú faoi chás Foinse. Bhí sé i gceist na moltaí a chur faoi bhráid Bhord an Fhorais roimh chruinniú na seachtaine seo chugainn. Deir úinéir Foinse go stopfar de Foinse a fhoilsiú i ndiaidh an 28 Meitheamh sa chás nach mbeadh Bord Fhoras na Gaeilge sásta breis maoinithe a cheadú don nuachtán sa ghearrthréimhse...

No comments: