Tuesday 30 June 2009

Foinse: Laborista Kooperativo?


...Gaelport:

Sa chasadh is deireanaí ar an scéal, labhair Liam O Cuinneagáin, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta le Nuacht TG4 ar an Aoine, agus dúirt sé go dtabharfadh Údarás na Gaeltachta tacaíocht d’fhoireann Foinse dá mbeadh siad féin sásta an comhlacht Móinéar Teo. a cheannach agus a rith iad féin.

Deir Pádraig Ó Céidigh, úinéir an chomhlachta Móinéar Teo., go raibh sé sásta an comhlacht a bhronnadh in aisce ar an bhfoireann, dá mba mhian leo é.

De réir an méid a bhí le rá ag Liam Ó Cuinneagáin, is chun poist sa Ghaeltacht a chaomhnú a bhaineann ról an Údaráis sa chás seo.

Níl sonraí ar fáil go fóill ón Údarás, ach is léir go bhfuil Údarás na Gaeltachta sásta seasamh a thógáil ar an gceist ionas nach gcaillfear fostaíocht sa Ghaeltacht.


Go dtí go mbeidh tuilleadh eolais ar fáil maidir le plean an Údaráis, beidh le feiceáil an mbeidh aiséirí i ndán do phríomhnuachtán Gaeilge na tíre.


*** Ná laga Dia do lámh, a Liam !

No comments: