Sunday 23 March 2008

Limoj de la Irlandalingvujo


...de Foinse:

Ba chóir Coimisiún Neamhspleách nach mbeadh aon ionadaíocht pholaitiúil air a bhunú le tabhairt faoi cheist theorainneacha na Gaeltachta, dar le hurlabhraí Gaeltachta Fhine Gael, Michael Ring.
.
Bhí an Teachta Dála Ring ag aontú le moladh atá déanta mar chuid den anailís chuimsitheach ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht atá foilsithe ar Foinse na seachtaine seo.
.
San anailís sin, leis an léachtóir matamaitice ó GMIT, Donncha Ó hÉallaithe, moltar Coimisiún Neamhspleách de chúigear saineolaithe, ar a mhéid, le nuatheorainneacha na Gaeltachta a rianú i bhfianaise a bhfuil molta sa Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a foilsíodh anuraidh.
.
Sa staidéar sin leagadh síos critéir chun idirdhealú a dhéanamh idir na limistéir éagsúla Gaeltachta agus moladh go dtabharfaí stádas Catagóir A, B nó C do na limistéir éagsúla ag brath ar a láidre is a bhí an teanga iontu….

…Dúirt an Teachta Dála ó Pháirtí an Lucht Oibre agus an t-iarAire Gaeltachta Michael D Higgins le Foinse nach mbeadh sé “i gcoinne” Coimisiún Neamhspleách a bhunú chun tabhairt faoi theorainneacha na Gaeltachta. Dúirt sé, áfach, nár chóir go mbeadh gá leis agus gur cheart go mbeadh Airí “go maith in ann cinneadh a dhéanamh faoi cheist atá chomh soiléir”.

No comments: