Wednesday 26 March 2008

Paĝo Unu / Lathanach a hAon


...as Lá Nua:

Tá toradh éigin ar fheachtas atá ar bun ag an ghníomhaí Ghaelach i Nua-Eabhrac, Dáithí Mac Lochlainn, agus é ag iarraidh ar Continental Airlines úsáid a bhaint as teachtaireachtaí réamhthaifeadta i nGaeilge ar na heitiltí a thagann isteach go hAerfort na Sionna agus go hAerfort Bhaile Átha Cliath.

Ar 20 Feabhra 2008 thuairiscigh
Lá Nua: “D’eisigh Continental ráiteas go Lá Nua a dúirt “cé nach é aidhm s’againn aon teanga ar leith a chur ó dhoras ar chumarsáid aistir, úsáideann muid príomhtheanga an bhunphointe agus an cheannphointe…

…Ach ag scríobh dó ar ais chuig an Uasal Mac Lochlainn, thug
John Mowad, Speisialtóir Feidhmiúcháin, le fios go raibh tuairisc ullmhaithe aige faoi cheist na Gaeilge do bainistíocht shinsearach na haerlíne.

Arsa an Uasal Mowad, “Consistent with our commitment for improvement, I have prepared a detailed report containing your request for our airline to offer Irish communications on-board upon both departure and arrival, and I will be sending it to our Senior Management teams for further internal review. I assure you that they take the feedback from our passengers very seriously, as we continually strive to improve our customers’ experiences.”

“Ar ndóigh, is tábhachtach go gcloiseann Continental uainn go léir,’’ arsa an tUas Mac Lochlainn, inné. ‘‘Is féidir scríobh chuig Mr. John Mowad, Continental Airlines, Dept. HQSEO, 1600 Smith Street, Houston, Texas 77002, Stáit Aontaithe Mheiriceá..."

1 comment:

Unknown said...

Is maith an sceal e sin. Ta suil agam (they) eiste. Go n-eiei an t-adh leat. Sile