Thursday 10 April 2008

Brian Ó Comhain, T.D.


...de Lá Nua:

Chuir Brian Cowen, TD, tús lena cheannaireacht ar Fhianna Fáil inné le ráiteas láidir ar son na Gaeilge.

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh an ráiteas, ach dúirt siad gur ghá beart a dhéanamh de réir briathair.

Ag caint dó tar éis gur ceapadh é ina cheannaire ar an pháirtí is mó sa tír, thosaigh an Teachta Cowen a óráid le sliocht i nGaeilge.

“I dtosach báire, ba mhaith liom labhairt i mo theanga dhúchais. Is mór an onóir dom ceannaireacht an pháirti a ghlacadh agus táim fíorbhuíoch do mo chomhpholaiteoirí, mo chairde, a roghnaigh mé don phost fíor-thábhactach seo.

“Ó bhíos ar scoil, tá grá agam don teanga agus tá sé ar intinn agam gach tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt na Gaoluinne amach anseo.

“Cé nách féidir linn go léir ár dteanga a labhairt go líofa, táim cinnte go bhfuilimid báúil di,” arsa sé...

No comments: