Tuesday 1 April 2008

Ceithearna Coille Abú!


...de Na Ceithearna Coille:

Tá a fhios againn ar fad gur dhiúltaigh aerlíne náisiúnta na hÉireann, Aer Lingus, Gaeilge a chur ar fhógraí eitiltí isteach agus amach as Béal Feirste. Bhí scéal ag Lá Nua le déanaí fosta go bhfuil Continental Airlines SAM anois ag machnamh faoi fhógra fáilte a dhéanamh i nGaeilge ar a gcuid seirbhísí go hAerfort Bhaile Átha Cliath agus Aerfort na Sionna.

Bhuel, a bhuí arís leis an Ghael Meiriceánach Daithí Mac Lochlainn, tá sé tagtha chun solais go bhfuil barúil ar leith ag ceannasaí Ryanair,
Michael O'Leary, faoin Ghaeilge chomh maith. I litir a sheol sé chuig Daithí, léiríonn an fear gnó go bhfuil sé go hiomlán i gcoinne úsáid na Gaeilge ar eitiltí Ryanair nó comhlachtaí eile.

Ní hamháin go gcuireann sé a thuairim in iúl ar bhealach sotalach aineolach, tugann sé le fios chomh maith go bhfuil an ceart ag Aer Lingus gan Gaeilge a úsáid ar eitiltí as Béal Feirste agus nach fiú am a chur amú ag plé leis an teanga.

Táthar ag caint anois ar bhaghcat a dhéanamh ar Ryanair. Muna féidir leat sin a dhéanamh, déan cinnte go mbíonn
greamaitheoir Gaeilge leat an chéad uair eile agus tú ag eitilt leis an bhoc seo O'Leary.

* NÁR LAGA DIA BHUR LÁMHA, A CHOMRÁDAITHE! *

No comments: