Tuesday 1 April 2008

“Malŝparo de Tempo”


...de Lá Nua:

Tá sé ráite ag príomh-fheidhmeannach Ryanair, Michael O’Leary, gur “cur amú ama” a bheadh ann plé a dhéanamh faoi fhógraí Gaeilge a bheith ar eitiltí de chuid Aer Lingus as Béal Feirste.

Is le Ryanair beagnach 30% de scaireanna Aer Lingus, ach agus é ag tabhairt freagra ar iarratas go n-ardódh an aerlíne ceist na Gaeilge ag cruinniú scairshealbhóirí, dúirt O’Leary nach raibh sé ar intinn ag Ryanair brú a chur ar Aer Lingus faoin ábhar.

Ba é cainteoir Gaeilge as Nua-Eabhrac, Dáithí Mac Lochlainn, a mhol do Ryanair an cheist a ardú.

Sheol Michael O’Leary litir ar ais chuige ag rá “We would expect the management of Aer Lingus to concern themselves with more important issues such as cost reductions, punctuality, lowering air fares and getting rid of unjustified fuel surcharges, rather than wasting time discussing irrelevancies such as the use of the Irish language on internal UK flights.”

Ag caint dó le Lá Nua, dúirt an tUasal Mac Lochlainn go raibh freagra O’Leary ‘dochreidte’ agus nach raibh ann ach ‘racht feirge’.

Mhol sé do phríomh-fheidhmeannach Ryanair
cúrsa láimhseála feirge a dhéanamh chomh maith…

…Dúirt Michael O’Leary áfach:

“I note you intend to fly in future with
Continental Airlines out of Newark, New Jersey, despite the fact that you won’t hear any Irish language PA’s on Continental Airlines flights…

…Mhol Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, do Ryanair agus d’aerlínte eile sampla
Highland Airways a leanúint, aerlíne Albanach a bhfuil leagan dá shuíomh idirlín ar fáil i mBéarla, i nGàidhlig agus i mBreatnais…

No comments: