Tuesday 22 April 2008

Na Ceithearna Coille


…as Lá Nua:

I ndiaidh na blianta fada a chaitheamh ag fanacht go ciúin foighneach ar thaobh sléibhe agus ag bun gleanna, ar chúl eastáit tithíochta agus ar chlaí carrchlós, tá seabhaic na ndaoine ar ais arís chun teachtaireacht na nGael a scaipeadh go fairsing forleathan, go feiceálach fiannach. Tá na Ceithearna Coille ar ais ar an bhóthar.

Tá sé mar aidhm ag na Ceithearna Coille láithreacht na Gaeilge a ardú ar fud na hÉireann agus a chur in iúl don saol Fódlach go bhfuil teanga dhúchais na tíre beo beathach bocléimneach.

Tá sé de sprioc againn chomh maith a chur i gcuimhne do bhunaíocht na Gaeilge nach féidir luí siar ar an obair thábhachtach atá romhainn mar phobal.

Is eol do na 100,000í cainteoir atá againn go bhfuil spraoi agus spiorad inár dteanga ach is rí-annamh a thugann na meáin Bhéarla aird ar bith uirthi, nó ar na daoine a labhraíonn í. Ba mhaith linn sin a athrú... .

No comments: