Wednesday 23 January 2008

Bairbre de Brún

17952
…de An Phoblacht:

Ag caint sa parlaimint inniu, chuir Bairbre de Brún fáilte roimh an scéal is déanaí ó na Náisiúin Aontaithe go mbeidh an bhliain seo 2008 mar bhliain idirnáisiúnta do theangacha.

Dúirt sí fosta i ndíospóireacht faoi Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (EU Agency for Fundamental Rights) go raibh gá láidir ann le haghaidh cearta teanga in Éirinn agus is léir go bhfuil Bairbre ag seasamh an fhóid ar son na Gaeilge san Aontas lena chinntiú go mbeidh dul chun cinn don theanga.

“Fáiltím roimh thuarascáil Michael Cashman faoi Gníomhairacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Rinne feisirí ón Choiste um Shaoirsí Sibhialta obair den scoth ar an ábhar tábhachtach seo, obair atá de dhíth go géar má táimid chun cearta bunúsacha a chur cinn agus a chaomhnú. Tréaslaím leo agus leis an rapóirtéir..."

No comments: