Wednesday 30 January 2008

Nova Irlandalingva Vortoro


…de Foras na Gaeilge:

Tá áthas ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go bhfuil conradh sínithe acu leis an gcomhlacht (LexMC) le tabhairt faoi Chéim 2A de Thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, le Creatlacha Oibre Béarla a sholáthar don fhoclóír.

Cuirfear tús leis an chéim seo i Mí Feabhra 2008 agus tá sé i gceist go mbeidh an obair críochnaithe faoi Iúil 2010. Cuirfear na Creatlacha Oibre ar fáil don Fhoras ina gcodanna, ar bhonn céimnithe, ionas go mbeifear in ann tosú ar Chéim 2B, céim an aistriúcháin, ar bhonn comhuaineach, fad is atá an obair ar na Creatlacha Oibre fós ar siúl. Seachadfar an chéad chuid de na Creatlacha Oibre i Mí Iúil 2008...

No comments: