Friday 18 January 2008

Pastro Seán Mac Mánais


…de Lá Nua:

Cuireadh tús in Washington, inné, le feachtas chun an Ghaeilge a chosaint ó ionsaithe an DUP nuair a shoilsigh duine de na ceannairí is cumhachtaí i measc Ghaeil Mheiriceá an ghéarchéim.

Dar leis
an Athair Seán Mac Mánais, tá an dímheas atá an DUP ag léiriú don Ghaeilge ag déanamh dochair don phróiseas síochána.

Agus tá an gníomhaí ardiomrá, a chas leis an Chéad-Aire Ian Paisley agus an LeasChéad-Aire Martin McGuinness le linn a gcuairte ar Washington le déanaí, tá sé tar éis scríobh chuig baill aitheanta i gComhdháil SAM.

Agus an teachtaireacht lom ina litir?

‘‘Nior cheart do Stáit Aontaithe Mheiriceá tacaíocht dá laghad a thabhairt do pholasaithe a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don Ghaeilge,” arsa an tAthair Mac Mánais i ráiteas a d'eisigh sé inné…

…ankaŭ de Lá Nua:

Tá dlús sa bhreis curtha leis an fheachtas in éadan chinntí claonta an Aire Cultúir, Edwin Poots, i leith na Gaeilge tar éis gur ardaigh Cácas Náisiúnta na hÉireann in Washington a nglór chun cur i gcoinne na mbeartas frith-Ghaeilge ó fhear an DUP.

Ceann de na rudaí a thug ar rialtas na Breataine féachaint arís ar an mbealach a raibh siad ag caitheamh le pobal náisiúnach an tuaiscirt Prionsabail Mhic Giolla Bhríde, an chairt a thug ar chomhlachtaí Meiriceánacha gan infheistiú a dhéanamh sna Sé Chontae dá mba rud é gur thuig siad go raibh leatrom á imirt ar oibrithe de bharr creidimh...

No comments: